Prayers in
Irish

OUR FATHER
Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm;
go dtaga do ríocht;
go ndéantar do thoil ar an talamh
mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu;
agus maith dúinn ár bhfiacha
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc. Amen.
HAIL MARY
Sé do bheatha, a Mhuire,
atá lán de ghrásta,
tá an Tiarna leat;
is beannaithe thú idir mná
agus is beannaithe toradh do bhroinne,
Íosa.
A Naomh Mhuire, a mháthair Dé,
guigh orainn, na peacaigh,
anois agus ar uair ár mbáis. Amen.
Glory Be to the Father
Glóir don Athair agus don Mhac
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ó thús,
mar atá anois agus mar a bheas
go brách,
le saol na saol.Amen.
See older versions including ogham at Christus Rex